Tráthnóna Dé Céadaoin, cúisíodh ball de Kneecap, Liam Óg Ó hAnnaidh, a sheinneann faoin ainm stáitse Mo Chara, as coir faoin Acht Sceimhlitheoireachta. Baineann an cúiseamh le líomhain go raibh bratach Hezbollah á thaispeáint aige ag ceolchoirm i Londain anuraidh. Tá Hezbollah agus tacaíocht dó mídhleathach sa Ríocht Aontaithe. Tuigtear go mbeidh an tUasal Ó hAnnaidh ag séanadh an chúisimh. Thug Kneecap “political policing” ar an gcúiseamh. Dar leo, ní hiad féin agus a bhfuil ar bun acu an scéal ach an “cinedhíothú” in Gaza. Labhair Seachtain leis an iriseoir Gearóid Ó Muilleoir faoi na castachtaí agus na himpleachtaí a bhaineann leis an scéal seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.