Tá cás sceimhlitheoireachta in aghaidh Liam Óig Uí Annaidh, rapálaí ón bhanna cheoil Kneecap, caite amach ag ag cúirt i Sasana. Cuireadh ina leith gur thaispeáin sé brat Hezbollah agus é ar stáitse i Londain, agus go raibh sé sin ina chomhartha tacaíochta don eagraíocht thoirmiscthe. Seo an tríú huair do Liam Óg teacht os comhair na cúirte i dtaca leis an gcúiseamh seo, ach cuireadh moill ar an bhreithiúnas roimhe seo mar gheall ar argóintí dlí teicniúla. Labhair an t-iriseoir Ciarán Dunbar ar Seachtain faoin mhéid a tharla sa chúirt inniu. Foclóir: Ionchúisitheoir: Prosecutor Máguaird: Environs Cúiseamh: Charge Neamhchiontach: Innocent Cinneadh: Decision Cloí: Abide by Trídhathach: Tricolour Slad: Plunder Míchuí: Inappropriate Cosc: Ban Camchuairt: Tour See omnystudio.com/listener for privacy information.