San chéad chuid den phodchraoladh seo, chuala muid faoi stair na Gaeilge sa Chontae Ach sa dara chuid seo, díríodh ar an gceist - cén saghas Gaeilge a bhíodh á labhairt i mBaile Átha Cliath. Labhair Ciaran Dunbar leis an Ollamh Emertius Nicholas Williams, fear a bhfuil go leor taighde déanta aige ar an teanga mar a bhíodh i gCúige Laighean. Agus labhair sé le Colm Ó Broin, fear de bhunadh Chluain Dolcáin atá ag cur faoi i gCill Mhantáin, agus duine a bhfuil suim ar leith aige in oidhreacht Ghaeilge a chontae dúchais. Foclóir: Aiceann – stress Scadán - herring Spéisiúil - interesting Baile an tSléibhe - Ballinclea Baile Amhlaoibh – Balally Conradh – a contract Is dócha - probably Meascán mearaí - mishmash Teangeolaí - linguist Saor in aisce – free of charge Cuimsitheach – comprehensive Éagsúil - different See omnystudio.com/listener for privacy information.