Bhí Liam Óg Ó hAnnaidh, nó Mo Chara as Kneecap, mar is fearr aithne air, os comhair na cúirte in Westminster Shasana Dé Céadaoin. Ba é seo an dara uair dó a bheith sa chúirt i dtaca leis an chúiseamh atá á chur ina leith. Bhailigh na céadta daoine taobh amuigh den teach cúirte ar maidin chun tacaíocht a léiriú dó. Bhí comharthaí agus bratacha á n-iompar agus t-léinte á chaitheamh a léirigh idir tacaíocht don rapálaí agus do chúis na Palaistíne. Ar Seachtain, míníonn an t-iriseoir Ciarán Dunbar cad a thit amach, taobh istigh den chúirt agus taobh amuigh de. Foclóir: Coir: Crime Scaifte: Group Cinsireacht: Censorship Scuaine: Queue Cúiseamh: Charge/accusation Sceimhlitheoireacht: Terrorism Eagraíocht thoirmiscthe: Proscribed organisation Beag beann: Regardless of Ateagaire: Interpreter Teorainn ama: Time limit Tacaíocht: Support Drogall: Reluctance See omnystudio.com/listener for privacy information.